Ceacht
Tá an ghaoth ag séideadh ó cheann, ‘ceann an bhaile,
Tá an fharraige bogtha le neart,
Tá mé féin gaibhte istigh ar an oileán
‘S mo ghrása amuigh ar tír mór
Tá an cleamhnas sé mhí iar a dhéanamh
Bhí an tréigint i ndán dom ón tús
Nuair a labhair sé an focal le m’athair
ba róbhreá leis an bhólacht ‘s an duais.
Ach is gile an spré údaí ‘fuair sé
Nuair a bhí sé ‘dul thart ar an tír
I maoin eallaigh char chuir sé riamh spéis
Ná go dtáinig an annir air thiar.
Staicín áiféise mise ón uair sin
a d’imigh mo leannán dhil uaim.
Cha labhraim níos mó faoi mo mhuirnín
tá mé caite faoi chian ‘s faoi ghruaim.
Pill arais orm a rúin ‘s a chéadsearc
Ná tréig mé ‘s an tachrán seo liom,
Beidh muidbeirt inár suí cois an chladaigh
ag éisteacht le tuaim bhinn na dtonn.
Chann fillean mo ghrasa níos mó orm
Chann feiceann se choíche mo bhua,
an stócach bheas ag súgradh ‘s ag léimnigh
i bhfad thoir ar bheanna an Dúin.”
As Filíocht Uladh 1960-1985, le Gréagóir ó Dúill. Coiscéim 1986
|