Má chuirim aon lámh ar an dtearmann beannaithe,
má thógaim droichead thar an abhainn,
gach a mbíonn tógtha isló ages na ceardaithe
bíonn sé leagtha ar maidin romham.
Tagann aníos an abhainn istoíche bád
is bean ina seasamh inti.
Tá coinneal ar lasadh ina súil is ina lámha.
Tá dhá mhaide rámha aici.
Tairrigíonn sí amach paca cartaí,
‘An imréofá brieth?’ a deireann sí.
Imrímid is buann sí orm de shíor
is cuireann sí de cheist, de bhreith is de mhórualach orm
Gan an tarna béile a ithe in aon tigh,
ná an tarna oíche a chaitheamh faoi aon díon,
gan dhá shraic chodlata a dhéanamh ar aon leaba
go bhfaighead í. Nuair a fhiafraím di cá mbíonn sí,
‘Dá mba siar é soir, ‘a deireann sí, ‘dá mba soir é sior.’
Imíonn sí léi agus splancacha tintrí léi
is fágtar ansan mé ar an bport.
Tá an dá choinneal fós ar lasadh le mo thaobh.
D’fhág sí na maidi rámha agam.
Geasa le Nuala Ní Dhomhnaill, as Pharaoh’s Daughter. Gallery Press. 1990. This poem is from Pharaoh’s Daughter by Nuala Ní Dhomhnaill, 1990, Gallery Press (Editor Peter Fallon). With thanks to Gallery Press for permission to reproduce here. I have added poet Medbh McGuckian‘s translation at link
The Bond, by Nuala Ní Dhomhnaill, translated by Medbh McGuckian.
|